.
Eolas Rí - Rá
Fáilte chuig Rí - Rá! An dóigh is sultmhaire le Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Ar fáil anseo tá ranganna teagaisc idirghníomhach chomh maith le cluichí le Gaeilge a fhoghlaim. Tá sé foirsteanach don aos óg ach is féidir le daoine fásta úsáid a bhaint as má bhíonn siad ag iarraidh cúpla focal nó abairt a fhoghlaim.
Faoi láthair tá seacht toipic ar Rí - Rá ach tá sé ag fás ar bhonn rialta. De gnáth bíonn ceacht amháin deich le gach toipic a chlúdaíonn deich focal agus cluiche ag teacht ina dhiaidh le fail amach an méid a d’fhoghlaim tú. Bíonn caracteirí cairdiúla ag stiúradh na ceachtanna
Bain sult as bheith ag foghlaim an Ghaeilge le Rí - Rá. Fáilte roimh aischothú dírithe chuig info@ri-ra.ie.
.
.
Eolas Gaeilge
Is teanga dúchais í an Ghaeilge ag cuid bheag de mhuntir na hÉireann (an chuid is mó acu sa Ghaeltacht) ach bíonn ról lárnach agus tábhachtach go fóill ag an teanga i saol an náisiún. Aithníodh í mar phríomhtheanga Phoblacht na hÉireann sa Bhunreacht agus is teanga oifigiúil í fosta san Aontas Eorpach. Aithnítear í fosta mar theanga mionlach i dTuaisceart Éirinn.
Tomhasanna ar an mhéid cainteoirí dúchais sa tír idir 20,000 agus 50,000. Mheas an Roinn Gnóthaí Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta sa bhliain 2007 go raibh cónaí ar 17,000 i gceantair ina raibh an Ghaeilge mar theanga pobal agus 10,000 i gceantair ina raibh sí á labhairt ag cuid den phobal. Ach os rud é gur ábhar scoile éigeantach í an Ghaeilge, is iomaí duine atá go measartha líofa mar dara teanga. Chomh maith le sin, síleann cuid mhaith daoine eile go bhfuil siad cumasach go leor ar dhóigh éigin sa teanga.
.


